Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Creat Beartais don Fhuinneamh Gaoithe

Athrú Molta ar Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018-2024 (arna leasú) maidir le Creat Beartais don Fhuinneamh Gaoithe

Cúlra leis an Athrú Molta

 

  • Tugann an tAthrú Molta faoi bhearna bheartais a líonadh atá i bPlean Forbartha Chontae Dhún na nGall, 2018-2024 (arna leasú) [‘an PFC’] maidir le fuinneamh gaoithe. Tháinig ann don bhearna seo i gcreat beartais an PFC i ndiaidh Ordú a rinne an Ard-Chúirt ar an 5 Samhain, 2018, a bhain amach forálacha criticiúla áirithe as an PFC a bhain le Fuinneamh Gaoithe ón mhéid ar glacadh leis le rún na gComhaltaí i mí na Bealtaine 2018.

 

  • Tá an tAthrú Molta ullmhaithe de réir fhorálacha Alt 13 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), agus i bhfianaise an bheartais ábhartha náisiúnta agus treoirlínte pleanála an Rialtais lena n-áirítear: ‘Treoirlínte maidir le Forbairt Fuinneamh Gaoithe, (2006)’; ‘Nóta Eolais: Athbhreithniú ar na Treoirlínte maidir le Forbairt Fuinneamh Gaoithe – Dréacht-Chur Chuige Roghnach’ (Meitheamh, 2017)’; ‘Treoirlínte Eatramhacha d’Údaráis Phleanála maidir le Pleananna Reachtúla, Fuinneamh In-Athnuaite agus Athrú Aeráide (Iúil, 2017)’; agus ‘Dréacht-Treoirlínte Leasaithe maidir le Forbairt Fuinnimh Gaoithe (Nollaig, 2019).

 

  • Soláthraítear san Athrú Beartaithe don chreat pleanála spásúil agus beartais leis chun forbairt inmharthana na hacmhainne fuinnimh gaoithe laistigh den Chontae a éascú.

 

  • Is é cuspóir an Athraithe seo:

 

-       ná creat láidir beartais, bunaithe ar fhianaise, a chur ar fáil le haghaidh forbairt inmharthana a dhéanamh ar acmhainn fuinnimh gaoithe Chontae Dhún na nGall, de réir na reachtaíochta náisiúnta agus threoir an Rialtais.

 

Cad é atá san Athrú Molta?

 

Is é a dhéanann an t-athrú, go sonrach, ná:

 

  1. Léarscáil úr i dtaca le Fuinneamh Gaoithe 8.2.1 a chur isteach, ina n-aithnítear limistéir atá ainmnithe mar: (a) ‘Inghlactha i bPrionsabal’; (b) ‘Oscailte le haghaidh Plé’; agus (c) ‘Gan a bheith inghlactha go hiondúil’ le haghaidh forbairt fuinnimh gaoithe.
  2. Creat úr beartais a chur isteach atá ailínithe leis na trí limistéar ainmnithe i Léarscáil 8.2.1, agus ag leagan síos riachtanais i dtaca le fad achair siar ó thithe/aonaid chónaithe.
  3. Téacs úr cúlra agus comhthéacsach a chur isteach chun uasdátú a dhéanamh ar an chreat reachtaíochta agus treoirlínte laistigh den fhorbairt fuinnimh gaoithe ar gá iad a mheas.  
  4. Beartais, agus téacs cúlra agus comhthéacsach, atá as dáta, a scriosadh.
  5. Ráiteas Alt 28 i dtaca le Treoirlínte d’Fhorbairt Fuinnimh Gaoithe a scriosadh agus téacs úr a chur isteach ina áit.

Nasc chuig an Athrú Molta

Nasc chuig an Réamhrá don Athrú Molta

 

Tuairiscí a bhaineann leis an Athrú Molta

Lena chois sin, tá na tuairiscí gaolmhara seo a leanas ullmhaithe ag an Chomhairle:

 

  • Tuairisc Chomhshaoil: Agus é ullmhaithe maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil, aithníonn an Tuairisc seo an tionchar suntasach a d’fhéadfaí a tharlú don Chomhshaol mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Athraithe Mholta, tugann cur síos air sin agus déanann é a mheas. Nasc ER

 

  • Tuairisc Tionchair Natura: Agus é ullmhaithe maidir le Measúnú Iomchuí, aithníonn agus rangaíonn an Tuairisc seo na himpleachtaí a bheas ag an Athrú Molta ar Shuíomhanna aitheanta Eorpacha (suíomhanna Natura 2000 a bhfuil ina measc Limistéir Speisialta Caomhantais agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta) Nasc NIR.

 

Cad é mar is féidir liom a bheith páirteach?

Is féidir an tAthrú Molta agus na doiciméid thuasluaite a scrúdú trí chliceáil ar na naisc thuas ón Aoine 29 Aibreán go dtí an Aoine 3 Meitheamh 2022, agus an dá dháta sin san áireamh.

 

Tá cóipeanna crua den Athrú Molta ar fáil tríd an phost saor ó chostas ach sin a iarraidh. Déan teagmháil leis an Lár-Aonad Pleanála ar 074 9153900 nó trí ríomhphost ar [email protected] leis na doiciméid a lorg. Tá cóipeanna crua de na doiciméid eile thuasluaite ar fail tríd an phost fosta ach táille a íoc (de bharr mhéid na ndoiciméad sin). 

 

Is féidir aighneachtaí nó pointí maidir leis an Athrú Molta agus na Tuairiscí gaolmhara a dtagraítear dóibh ag Pointe 2 thuas, a dhéanamh chuig an Údarás Pleanála ar na dóigheanna seo a leanas:

  • Trí rphost chuig: [email protected] (Cuir an teideal seo mar Ábhar: Athrú maidir le Fuinneamh Gaoithe). 
  • Tríd an phost chuig: Athrú PFC i dtaca le Fuinneamh Gaoithe, An Lár-Aonad Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622.

 

Is é an dáta druidte le haighneachtaí a fháil ná 16:00, De hAoine 3 Meitheamh 2022.

 

Aon aighneachtaí/tuairimí a chuirtear chuig an Údarás Pleanála laistigh den tréimhse thuas, cuirfear san áireamh iad sula ndéanfar an t-athrú.

 

Tabhair faoi deara go bhfoilseofar aighneachtaí (leasaithe ar mhaithe le cúiseanna príobháideachais) ar shuíomh gréasáin na Comhairle de réir S.13(3A) den Acht thuasluaite.

 

Féach aighneachtaí nó pointí scríofa a fuarthas le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí go dtí seo.

 

Cad iad na chéad chéimeanna eile?

  • Nuair a bheas deireadh leis an Phróiseas Comhairliúcháin Phoiblí, ullmhófar Tuairisc Phríomh-Fheidhmeannaigh: ina mbeidh liosta de na daoine/eagraíochtaí a rinne aighneachtaí nó pointí, ina mbeidh achoimre ar na haighneachtaí agus ina dtugtar Breathnúcháin an Phríomh-Fheidhmeannaigh maidir leis na haighneachtaí. Cuirfear an tuairisc seo faoi bhráid na gComhaltaí Tofa sa Chomhairle lena plé.
  • D’fhéadfadh na Comhaltaí Tofa cinneadh a dhéanamh glacadh leis an athrú, é a leasú nó é a dhiúltú.
  • Má shocraíonn na Comhaltaí Tofa ar aon leasú a dhéanamh ar an athrú, arb athruithe ábhartha iad, beidh tréimhse bhreise de chomhairliúchán poiblí ann, ullmhófar Tuairisc bhreise Phríomh-Fheidhmeanaigh agus ansin déanfaidh na Comhaltaí cinneadh glacadh leis an athrú, bíodh sin leis na leasuithe nó gan iad.

 

 Seo thíos Clár Ama Samplach chun glacadh leis an Athrú Molta.

 

Liam Mac an Bhaird,

Stiúrthóir Pobail, Fiontair agus Seirbhísí Pleanála,

Teach an Chontae,

Leifear,

Contae Dhún na nGall

F93Y622